School: Loch Eidhneach (roll number 16007)

Location:
Lough Inagh, Co. Galway
Teacher:
Bríd M. Ní Chonaill

Filter stories

Back
/ 183 Forward
Resolution: Low | High
An Cáca faoi Dhraíocht

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal I: An Cáca fá Draoidheacht

1. Ainm an dine i bhfuaras an sgéal uaidh:
Tomás Seoigheach (Miceál)
2. A Sheoladh: Cúl a 'Ceardcann, Sraith Salach, Co na Gaillimhe
3. A aois 63
4. A ghairm beatha: Feilmeóir
5. Cár tógadh é, agus cár chaith sé a shaoghal: i gConamara
6. Ainm an duine ar chuala seisean an sgéal uaidh
7. Cé mhéid bliain ó shoin:
8: Aois an duine eile fán tráth
9. An áit a raibh an duine eile 'ina cómhnuidhe
Sgriobhadh annseo (17/11/37)
Rinne bean an tighe cáca lá, agus chuir sí síos san oighean é le bácái[?]. Glaoidh sí isteach ar a mac Paidín annsin. Anois a Pháidín ar sise "tabhair aire maith don cáca seo, agus ar t'anam ná leig dó dóghadh. Tá mise ag dul sios go dti an tobar"
Deanfaidh mé sin a Mhaim, arsa Páid. Rug an mháthair ar an gcanna, agus d'imthigh leí i gcoinne an uisce. Buacaill báire a bhí i bPáidín. Meas tú céard do rinn sé nuair bhí an máthair imthighthe? Dhruid sé anonn go dtí an cupord. Leag sé a lámh ar bhuidéal abhí ann. Rud eígin buidhe a bhí sa mbuidéal. Do bhí boladh láidir as. Dhoirt Páidín cúpla braon as an mbuidéal anuas ar an gcáca. Thosuigh an cáca ag at, agus

(continues on next page)
Collector
Máire Seóige
Gender
female
Address
Cloonnacartan, Co. Galway
Informant
Tomás Seoigheach
Gender
male
Age
63
Occupation
feirmeoir
Address
Cloonnacartan, Co. Galway
Language
Irish