School: S.N Salruic

Location:
Salrock, Co. Galway
Teacher:
Máiréad Ní Chuinn

Filter stories

Back
/ 003 Forward
Resolution: Low | High
Comharthaí na hAimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Comharthaí na h-aimsire

Comharthaí ón ngréin: 1 Nuair a theigeann an ghrian síos go déas dearg tráthnóna samhraidh - sin chómartha go mbeidh a lán áimsear bréagh againn.
2. Má bhíonn an ghrian dearg ar maidin uaireannta tagann báisteach an lá sin.
Comharthaí ó'n gealach. 1. Nuair a feictear ceó i n-aice na gealaig tá báisteach ag teacht.
2. Nuair a fheictear fáinne mhór thart timcheall na gealaige tá báisteach ag teacht.
Comharthtaí ó na réaltoga. 1. Nuair a bíos na réalta an gheal deirtear go bhfuil báisteach i ngar dúinn.
2. Nuair a thuiteas na réaltoga ó'n spéir bíonn stoirm is báisteach ag teacht.
Comharthaí ó'n ngaoth. 1. Nuair a bhíos an gaoth adtuaidh ag séideadh tagann aimsear cruaidh sioc agus báisteach.
comharthaí os na héanlaithib. 1. Nuair a thagann ealaí go dtí na locaí thart annseo tá stoirm ag teacht.

(continues on next page)
Language
Irish