Bhíodh go leór lucht suibhal ins an gceanntar seo fadó agus tá cuid aca ann go fóill. Bhí fear ann darab ainm Séamus Ó Chonroigh. Fear mór a bhí ann agus bhí féasóg air. Chaitheadh sé éaduigh donn agus hata dubh. Nuair a bhíodh sé teacht bhailigheadh na daoine le chéile i dteach amháin. Bhíodh siad ag innseacht scéal annsin go dtí go dtáinig sé. Bhí sé ina tháilliúr agus dhéanfadh sé culaith agus rudaí eile. D'fhánfadh sé ins an teach sin ar feadh cúpla oídhcheannta. Annsin theigheadh sé go dtí teach eile. Bhíodh mála aige agus bhíodh biadh aige a gheibheadh sé ó na daoine. Bhí aithne ag chuile duine ins an gceanntar air.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »