School: Béal an Átha Buí (Clochar) (roll number 15872)

Location:
Ballinaboy, Co. Galway
Teacher:
An tSr Tr. Ní Orcáin

Filter stories

Back
/ 146 Forward
Resolution: Low | High
Béal an Átha Buí (Clochar) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

éis sin. Deirtear go raibh na sídheóga ag amhráníocht is ag damhsadh faoi an gcloich agus an chéad duine a thógfadh an chloch go bhfuigheadh sé bás. Padhraic Ó Búarca a b'eadh an fear. Bhí sé i n-a chomhnuidhe i nDoire Gimbhlach.

Seán Ó Conghaile (80) a d'innis an sgéal seo dom. Áine Ní Maoilciaráin, Doire Gimlach, An Clochán.

Duine clúmháil 25:11:37

Bhí fear ann fadó agus chuirfeadh sé leath buiséil fata sa lá. Bhainfeadh sé ceithre buiséil eile sa lá. Bhéarfadh sé ceithre clocha déag fataí go dtí an margadh ar a dhruim. Fear an-láidir a bh'eadh é. Bhí sé i n-ann cúig céad celp a chur isteach sa scála. Do b'é an t-ainm a bhí air Séan Ó Láidir.
M'athair a d'innis an sgéal dom.
Séamus Ó Mainnín, Iorrus Flainnín, An Clochán

Collector
Séamus Ó Mainnín
Gender
male
Address
Errislanan, Co. Galway
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish