School: Béal an Átha Buí (Clochar) (roll number 15872)

Location:
Ballinaboy, Co. Galway
Teacher:
An tSr Tr. Ní Orcáin

Filter stories

Back
/ 146 Forward
Resolution: Low | High
Béal an Átha Buí (Clochar) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bad caillte san gceanntar seo fadó, timcheall lé ceathrú míle ó mo theach. Bhí an bád ag teacht isteach san gcuan. Bhí an oidhche ann nuair bhí sé ag teacht. Chuaidh sí ar charraig. Thuit na daoine amach san bhfáirge. Báthadh ceathrar aca triúr fear agus bean. 'Siad Tomás Ó Conroigh, Sean Ó Búrca, Seán mac Mathghamhna, agus bean Bheal Ó Braonán. Shabháil triúr aca. Is iad Seán Ó Raghaille agus a mháthair agus Seán Ó Conroigh. Cuireadh comhartha ar an gcarraig 'nár báthadh na daoine.

M'uncail a d'innis an sgéal seo dom.

Informant
(name not given)
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
male
Language
Irish

Céad bliadhna ó shoin bhí stoirm mór ann. Níor fhág sé teach sa tír nár scuabh sé an deasadh uaidh agus leag sé go leor scabh. Níor fhág sé cruach coirce nó cruach feir sa bparáiste nár leag sé freisin. Chuir sé na faoileáín soir go dtí na Beanna Beola. Bhris sé go leor báid. Níor fhág sé crann sa tír nár tharraing sé as an talamh. Guidheadh níos mó an oidhche sin ná i mbliadhain eile. Bhí an feir guirt ar na cnuic le fairrge h-air.

M'athair a d'innis an sgéal seo dom.

Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish