Tomhaiseanna 22.11.37
Cé'n rud a gníonns siubhal ar a chlaigeann
- Tairnge bróg.
Sean-duine beag agus a theach ar a ghualainn aige.
- Seilmide.
Molt mór, dubh teann.
Istigh idir dhá ghleann.
Nuair a bhogann an molt mór, dubh, teann,
Bogann an dhá ghleann.
- Asal agus párdóga air.
Tobairín fíor uisce,
Ar fíor-bhárr na sléibhe.
Fuinneóigín gloine,
Agus doruisín cré air.
- An t-súil
Chím 'na suidhe agus 'na seasam í,
Chíonn an bhláth ar aitinn í.
Ceo ná drúcht ní leagann í,
Is ní stadann sí de shiubhal.
- An ghealach.
Tá botháinín 'sa gháirdín,
Go rachadh na céadta ann.
Ní fhaghainn-sé slighe ann,
Nó leath mo chuid éadaigh.
- Cruiceóg beach.
(continues on next page)