School: Baile Conghaile
- Location:
- Ballyconneely, Co. Galway
- Teacher: T. A. Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Conghaile
- XML Page 107
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Lá breágh amháin i nárd an tsamhraidh chuaidh fear amach ag iascaireacht.”
(continued from previous page)'Anois! arsa an fear uasal, 'Tabhair do shál don teine'. D'fhan an fear tamaillín ag féachaint ar an dteine agus sa deire chraith sé a cheann.
'Feicim nach bhfuil tú ghá dhéanamh', arsa an fear uasal, agus isteach leis san bPárlús. Tréis tamaillín tháinig sé amach as an seomra agus cailín (a inghean) breágh deagh-chumtha i ngreim láimhe aige. Bhí sí chomh dathamhail le haon mnaoi gur leag tú súil uirrí 'riamh agus maidir leis an héadaigh bhí uirrí ní raibh a samhail le feiceáil i naon tsiopa.
'Féach!', arsa an fear uasal, 'Seo í m'inghean. Dá mbeadh sé de mhisneach ionat gach ar dhubhras leat a dhéanamh bheadh sé de chead agut í a phósadh agus ní hé amháin go mbeadh tú i do mháighistir ar an mbaile seo, ach ní bheadh tú féin nó do shliocht, nó sliocht do shleachta gan saidhbreas fhad is bheadh sibh beo'.
'Ó déanfaidh mé anois é', arsa an fear bocht, 'más toil leat'. 'Cladhaire thú', arsa an fear uasal, ' agus ní thiubharfainn m'inghean d'fhear mar thú mar ní raibh duine 'nár gclann(continues on next page)- Collector
- T. A Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir