School: Baile Conghaile

Location:
Ballyconneely, Co. Galway
Teacher:
T. A. Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Conghaile
  2. XML Page 096
  3. XML “Gráinne Ní Mháille (Gráinne Mhaoil)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Phós Gráinne Flaithbhearthach agus rugadh mac dóibh lá dá raibh ar thuras farraige. Ar an ábhar sin tugadh 'Long Ó Flaithbhearthaigh' air. Duine ruadh ab'eadh an mac seo. Fuair a céile bás agus tamall ina dhiaidh sin chas sí ar uasal as an tSasain agus phós sí é seo. 'Corragán' ab ainm dó. D'réir cosamhlachta ní ró-mhaith a réitigh 'Long' agus an Corragánach agus bhí an mac i gcomhnaidhe ag fanacht le seans a fhagháil le deire a chur leis. Lá amháin chuaigh an bheirt aca amach ag siubhal agus tharla go dtáinig siad go bruach nó ciumhais Fuatha.Do sheas siad araon ag féachaint síos ann- an Corragánach 'na sheasamh roimh Long agus céard a rinne Long ach sathadh maith a thabhairt do mo dhuine agus isteach leis thar a cheann san bhfuath. Ar ndóigh marbhuigheadh láithreach é agus ó shoin tugtar 'Fuath Chorragáin' ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    T. A. Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Stiophán Ó Neill
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Feirmeoir beag
    Address
    Aillebrack, Co. Galway