School: Baile Conghaile
- Location:
- Ballyconneely, Co. Galway
- Teacher: T. A. Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Conghaile
- XML Page 095
- XML “Carr Mhánuis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'Is cosamhail le Carr Mhánuis é' -
Figheadóir ab eadh Mánus agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag goid snáith. Nuair a fuair sé bás b'éigin dó carr a fhághail leis an méid snáith bhí aige a iomchur. Ar an mbóthar síos go hIfreann dhó chas figheadóir eile leis agus dhá cheirtlín snáith aige agus bhí sé sin freisin ag dul go hIfreann.- 'Ó muna bhfuil agat ach an méid sin caith isteach sa gcarr é', agus ní fada ina dhiaidh sin gur bhuail sé le figheadóir eile agus an scéal céadhna aige. 'Ó, caith isteach i gcarr Mhánuis é, - ní fiú dhuit dul isteach leis an méid sin. Déanfaidh mise an pionós don chuidín bheag sin freisin'.
Nuair a chonaic Peadar (Naomh Peadar) go raibh Mánus chomh charthanach sin leig sé isteach sna Flaitheas é.
Nuair a chítear duine anois agus carr aige agus é ualaighthe go mór lena chuid féin nó le cuid a chomharsan deirtear -
'Is cosamhail le Carr Mhánuis é'.- Collector
- T. A. Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Stiophán Ó Neill
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Aillebrack, Co. Galway