School: Dúnlocháin (roll number 13076)
- Location:
- Doonloughan, Co. Galway
- Teacher: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dúnlocháin
- XML Page 074
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bád a chóinneal direach acht nuair thug sé iarracht ar sin a dheanamh d'iompuigh an bád thart arís agus caitheadh amach ins an bfhairrge é.
Bhí bean ag baint crannach i nInnis Stocadh agus chonnaic sí portán í scailp. Cuir sí a lámh isteach go dtí é agus rug sé ar a láimh agus choinnigh sé annsin í go dtáinic an thaoille uirri agus bathadh í.
Bhí daoine a bhí ag tabhairt aire d'on teach soluis ag dul amach go dtí Caoran Mór. Bathadh iad. Bhí an lá an cúin acht bhí an bás i ndon dóibh. Bathadh cúigear fear an t-am sin. Aon fhear soluis a bhí ann agus ceathrar iasgaire a bhí ann. Timcheall le fice bliadhain ó shoin d'fhág "Captain Wainright" doc Dúnlocáin agus bathadh é nuair a bhí sé ag dul thar Ceann Léime. Bhí beirt fear eile ann acht chuaidh siad slán go Caoran Mór. Bhí bád eile i ndiaidh fear soluis a fagadh ag an teach soluis agus nuair a bhí siad ag dul abhaile chonnaich siad píosa adhmuid agus cuir siad i ndeire an bád é acht nuair a bhí siad dhá cur ann d'iompuigh an bád thart agus bathadh iad.
Bhí fear o gCaoran Mór darbh ainm Padraigh De Róisde agus bathadh é lá a raibh taoille mór(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Laoidhe
- Gender
- Female
- Address
- Doonloughan, Co. Galway
- Informant
- Mairtín Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 76