School: Dúnlocháin (roll number 13076)
- Location:
- Doonloughan, Co. Galway
- Teacher: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dúnlocháin
- XML Page 051
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe bheaga a bhíodh ag na daoine san am fadó. Do bhíodh leabaidh sa chistean i gcoirnéal inaice na teinneadh. Fear an tighe a gcodluigheadh san leabaidh sin i gcomhnuidhe.
Simléar crainn an t-ainm a bhí aca ar an tsimléar. Is beag teach a raibh doras air acht do bhiodh áit an dorais líonta suas le adhmuid.
Aon fhuinneog amháin a bhíodh ar na tighthe sin agus do bhíodh bosca saithte isteach ann san oidhche agus do bhíodh sé oscailte sa ló.
Do bhíodh coinnle déanta aca as ghéir caorach nó bó. Bhíodh ceann de'n coinnil caol agus an ceann eile leathan. As leadhbáin éisg nó as caoraigh nó bó a baintí an íle chun soluis.
Bhíodh cinn scraith, ádhmuid agus súgán tuighe ar thighte fadó.
Bhíodh leabaidh ag na daoine, sa chistean agus bhí sé san gcoirnéal in aice na teinne badh iad muinntir an tighe a chodluighead ann.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhlaithbhearthaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Peadar Ó Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 67