School: Dúnlocháin (roll number 13076)

Location:
Doonloughan, Co. Galway
Teacher:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
Naomh Cáilín

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sé Naomh Chailín pátrún an paróiste seo. Chuir sé séipeál ar bún i nOilean in aice le Ceann Léime, agus tá na sean fhoracha le feicéal fós. Bhí sé ar lorg áire le cur faoi ann agus o shocruigh sé ar áis deas i Mannan Mór acu chuala sé clog a bhearbrathar, agus bhí fhios aige nach raibh sé san áir a bhear sé i ndán clog a bearbragar a cloisint. Druid sé leis agus shocruigh sé i gCaorán Mór. Tá tobar Chailín san áit sin. Chuaigh sé go óileán agus rinne sé séipeál ann.
Bhí fear ann faoi agus bhí sé ina cláirineach ags chuaigh sé go tobar Chailín agus ní raibh sé i ndán dul thar an gclaibh agus dubhairt sé, "A Chailín, a Chailín, Mic Ard Rí Laighean, tá mé i mo cláirineach agus leag an cliabh." Nuair a bhí na focla sin ráite aige léim sé thar an gcliabh agus é chomh maith agus bhí sé ariamh.
Deirann nna seandaoine go raibh fear ann agus níor chreid sé i Naomh Chailín ach mar sin féin chuaidh sé go leimnigh isteach ins an tobar agus chonnaich sé ronnach ag leimnigh isteach d'innis sé a scéal do na comharsanaibh agus chuaidh siad amach ag iascaireacht

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Laoidhe
Gender
female
Address
Doonloughan, Co. Galway
Informant
Padraig Ó Laoidhe
Relation
parent
Gender
male
Age
58
Address
Doonloughan, Co. Galway
Language
Irish