School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 536

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 536

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 536
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i bhfoisgeacht sé no seacht n-órlaigh do'n inneoin.
    "Bíodh foighid agat anois ar feadh tamaill big agus taipeángaidh an inneoin an dóigh is an phian as an bhfiacail úd," ars an gabha.
    Shocruigh an fear bocht é féin, a lámha ar a ghlúainibh, a béal fosgailte agus sruthán mhín pisleoige ag rith as. Chuaidh an gabha fá n-a ghnothaidhe féin, shéid sé suas an teine, chruinnigh sé na sméartháidhe ar a chéile, agus anois is arís tairngeadh amach iarann fada a bhí ins an teinidh, d'amarcadh airagus sáitheadh é isteach arís agus é ag innsint sgéal iongantach ar feadh an ama uilig, agus an fer eile ag amharc ar an talamh agus ag leigean corr-chneide as mar fhreagra air. Ach i lár an sgéil tharraing an gabha an t-iarann dearg amach go fíor tapaidh agus bhuail sé é ar an inneoin go mear is go láidir. D'imthigh cith mór dileog as agus sgeinn an fear bocht ar gcúl agus thuit sé ar an urláir.
    Pleasg gairidhe ar an ngabhann. Nuair d'éirigh an fear tinn bhí mórán fola 'na bhéal, ach bhí an fiacail imthighthe. Bhí sí ar ceann na sringe.
    "Mo corp ó'n diabhail". ar sé char mhothuigh mé é ag teacht amach ar chor ar bith".
    "Nár innseas sin duit ars an gabha": téidh a bhaile anois agus nuair bhéas sé do dhith ort-sa arís fiacail a tarraing beidh fios agat cá dtiocfaidh tú.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Giobúin
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway