School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 535

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 535

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 535
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag dul ar mire leis an déideadh.
    Cha raibh fhios aige caidé dob'fhearr dó a dhéanamh, acht shaoil sé nár bhfeidir leis an phian d'fhulang níos faide. Bhi na comharsana go cinéalta agus iad ag teacht chuige go brónamhail, agus is iomda léigheas thug siad dó, acht gan aon dadaidh mhaitheas a fhágháil as. Fá dheireadh thug bean éigin cómhairle dó fá dhul chun an ghobhann, óir bhí órtha ar an deideadh ag gach aon gobhainn.
    Glach sé an chomhairle agus chuaidh sé chun na ceardhean ar an bponc. D'innis sé a sgéal do'n gobhainn. Cá raibh neart ar bith ag an ngobhainn ar an déideadh, acht ba chleasach glic an fear é, agus chuir sé aghaidh fhada brónach air fhéin, agus chuir sé mórán ceist ar an bhfear bocht a bhí tinn. Dubhairt an fear tinn leis gur bhfearr leis féin rud ar bith a fhulaigh a cuirfeadh déireadh leis an déideadh.
    "Fágfaidh mé slán thú", arsa an gobha, "agus m'fhocal duit nach ngortuighim thú ar cor ar bith".
    "Och! Beannacht Dé ort go buan" ars an fear tinn.
    Leis sin chuaidh an gobha & fuair sé dlaoidheóg (?) mhín lín agus chas sé go daingean í cúpla uaire thríd an bfhiacal fhrithir agus rinne sé sreang beag don chuid eile de, & cheangal sé ceann na sringe do cas na h-inneáine. Anois is amlaidh bhí an fear tinn ar leath-cromadh & a srón
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Giobúin
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway