School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 534

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 534

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 534
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dochtúir ann uair amháin san ceanntar seo, agus bhí sgoláire no dochtúir óg aige. Chuaidh siad aon lá amháin d'amharc ar mnaoi a bhí tinn.
    Nuair bhí siad tamall beag ag amharc uirthi, dubhairt an sean-dochtúir leithe: "D'ith tú oisridhe"
    "D'ith", ar sise.
    D'fhreagair an sean dochtúir annsin í. "Ná h-ith iad feasta agus beidh tú slan", ars eisean.
    Nuair tháinic siad abhaile arís d'fhiafruigh an dochtúir óg de'n sean dochtúir, "Caidé mar bhí fios agat gur ith sí na h-oisridhe?
    "Dhearc mé faoi'n leabaidh agus chonnaic mé na blaosgacha, ars eisean.
    Lá amháin eile bhí fear tinn, agus cá tiocfadh leis an t-sean dochtúir dul a d'amharc air agus chuir sé an dochtúir óg chuige. Nuair a tháinic sé isteach ins an seomra a raibh an fear tinn ann, dhearc sé go .... faoi'n leabaidh agus chonnaic sé dialladh agus srian. "A dhuine chóir," ars eisean leis an fear tinn, "d'ith tu gearrán".
    Shaoil muinntir a' tighe go raibh sé ag magadh faoi an fear tinn, agus ruaig siad amach as a' tighe é, agus chuir siad an madadh in a dhiaidh. Bhí fearg mhór an t-sean dochtúir nuair a chualaidh sé an sgéal, agus ... chuir sé amach leis fhéin ariamh é ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1641: Doctor Know‑All
    Language
    Irish