School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 532

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 532

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 532
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean fhear dall in a chomhnuidhe i gClochán uair amháin do bhí ina iasgaire i dtúis a shaoghail, agus bhí go leor airgid cruinnithe aige i gcaitheamh a shaoghail agus ba mhór leis é fhágháil ina dhiaidh ag duine ar bith eile. D'iarr sé ar a mhac aon lá amháin é thabhairt amach ins an mbád beag ar an bhfairrige i bhfad amach ar an domhain, mar go raibh baramhail aige go ndéanfadh boladh an t-saile maith mór dó.
    "Mar", ar seisean, "bhí mé cleachtach ar bholadh an t-sáile i gcaitheamh mo shaoghail agus creidim nach bhfuil rud ar bith chomh sláinteamhail leis".
    "Maith go leor", ars an mac, "teanam leat".
    Chuaidh an dall isteach ina seomra agus ní raibh sé i bhfad nó go dtáinig sé amach aríst agus síos leis an mbeirt acu go dtí an tráigh, an áit a raibh an bád. Nuair a bhíodar 'sa mbád, in ionad a dhul amach ar an domhain séard do rinne an mac fanacht ag iomrámh ar an tanuighe le ciumhas na tragha mar bhí aimhreas aige go raibh droch bheart eicínt i gceann an tsean-fhir agus chongbhaigh sé a shúile air i gcaitheamh na h-aimsire. Faoi ceann tamaill d'fhiafruigh an sean-fhear de'n mac an rabhadar i bhfad amach anois.
    "Tuairim is míle go leith", ars an mac. "Bhí a fhios sin agam", ars an t-athair, "mar fághaim boladh breagh láidir an tsáile agus is mór an misneach a tugas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Giobáin
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway