School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 514

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 514

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 514
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-bhean ann fadó agus b'é baramhail gach uile dhuine go raibh go leor airgid aici. Bhí inghean amháin aici agus tar éis tamaill phós sgafaire d'fhear óg í mar shúil'r go mbeadh airgead na caillighe aige tar éis a bais, ach nuair a fuair sí bás achar gearr ina dhiaidh sin, níor fritheadh pighinn ina diaidh, rud do chuir iongnadh ar gach uile dhuine.
    Bhí go maith 's ní raibh go h-olc. D'fhan an sgéal mar sin nó gur cuireadh an corp. An oidhche tar éis na sochraide do bhuail sean-bhacach isteach sa teach ag an lánamhain óig agus d'iarr sé lóistín na hoidhche orthu agus fuair sé sin agus fáilte. Tar éis suipéir agus iad 'na suidhe cois na teineadh, d'fhiafraigh an sean-fhear cé'n fáth a raibh siad chomh bocht 's bhíodar nó ar fhág an chailleach dada ina diaidh?
    Níor fhág, ná feoirling' ars an bhean óg. Agus ar thug sí comhartha no teachtaireacht ar bith ar uair a báis daoibh i dtaobh a cuid airgid? ars' an sean-fhear. 'Níor thug', ars' an inghean "cé's muite gur fhág sí le hudhacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Thuathail
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway