School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 512

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 512

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 512
  3. XML “Gráinne Ní Mháille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do mhair Gráinne Ní Mháille le linn na bainríoghna Éilís. I gConamara do mhair sí. Bhí a sinnsear ina righthe in Iar Chonnacht agus togha mairnéalach do bead iad. Ba inghean d'Éoghan Uí Mháille ar a dtugtar "Dubbara" í. Bhíodh an taoiseach seo i gcomhnuidhe ar an bhfarraige ag déanamh tráchtála agus foghla agus bhíodh Gráinne i gcomhnaidhe in aonfheacht leis. Ní h-ionghadh mar sin go raibh grádh an domhain aici don bhfarraige agus is ag dul i méid a bhí an grádh sin ó lá go lá. Nuair a bhí sí naoi mbliadhain déag d'aois fuair a h-athair bás. Chuaidh sí i gceannas cabhlaidh a h-athar agus toghadh í mar thaoiseach ar na Mailligh. Bhailigh siad le chéile chuici agus thugadar gach conghnamh agus cabhair dí. Seachas na Máilligh bhí muintir eile i gConnachta "na Flaithearthaigh" agus ní mhór a rádh go raibh cumhacht aca freisin. Do phós Gráinne duine aca "Domhnaill an Chogaidh" a thugtar air. Ins an gcaoi sin do rinneadh comh-cheangal idir an dá theaghlach sin. Bhí an fear sin ina thaoiseach i mBéal Átha na h-Inse agus bhí caisleán aige i mBun Abhann. Bhí mac aige ar a dtugadh "Murach na Maor" air. Nuair a cailleadh a fear phós Gráinne Mac Liam Uachtar de Búrca as Conndae Mhuigh Eo agus ins an chaoi sin thui an caisleán ba laidre dá raibh aice ina sheilbh "Carraig na Súile". Bhí triúr mac aice agus inghean. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag troid in aghaidh na Sasanaigh (Thar na bliadhna sin). Bhíodh sí go minic i bponc agus cheap sí ar son maitheasa na muintire go mba fhearr dí síothcháin a dhéanamh le Éilís.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Grace O'Malley (~10)
    Language
    Irish