School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar

Filter stories

Back
/ 538 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 511

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear de Chloinn Mhic Confhaola as Iorras Mór amuigh ag iascach tráthnóna amháin san geimhreadh. Bád seoil a bhí aige agus bhí a mhac in éindigh leis is é ag stiúradh an báid.
D'éirigh an ghaoth gan súil ar bith léi agus ba ghearr gur shéid sí in a stoirm le luasgadh an bháid. D'éirigh an mac tinn agus thuit sé síos ar tóin an bháid. Bhí sé ag cinnt ar an bhfear bocht an bád a thabhairt i dtír gan conghnamh agus leis an scéal a dhéanamh níos measa bhí sé in a oidhche air gan moill. Shíl sé nach bhfeicfeadh sé an talamh go bráth agus thosuigh sé ag guidhe do Naomh Caillín. An chéad rud eile a thug sé faoi deara go raibh an bád ag imtheacht díreach chun caladh is nuair a d'fhéach sé thart cé bhí ar an stiúir ach Naomh Caillín.
D'fhan an Naomh ag stiúradh an bháid gur shroicheadar taobh na céibhe.Ní fhaca an fear níos mó é ach tháinig an biseach ar an mbuachaill chomh luath is leag sé cos ar an dtalamh aríst.


liath geasaí air, é féin a fhághail amach san domhan Thiar. Tá sé sin lán de draoidheacht agus chuir sé na céadtaí chun báis.

Language
Irish