School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 509

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 509

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 509
  3. XML “Scológ na Feasóige Léithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scológ na Feasóige Liath
    Bhí mac Rí fadó ann, agus is fadó bhí. Bhí a athair caillte, agus dubhairt sé go mbeadh sé ag imcheacht leis an bhfairrige seacht blian go bhfeicfheadh sé ce'n leas a bfuigheadh sé as. Bhí sé in a shuide sa bhun aille lá 's é a'breathnú amach ar an bfairrige. Connaic sé curaicín lom luadh ag teacht air. Tháinig an fear ag cainnt le mac Rí in Éirinn. "A' imreóchaidh tú cluithche cárta liom"? ars sgológ na feasóige liath. "Imreochaidh mé" ars Mac Rí in Éirinn". Bhí an céad cluithche ag an scolóig. Cuir do geasa anios adubhairt Mac Rí Éirinn. Cuirfidh mise geasa droma draoidheacht ort-sa. Gan an darna béile a itheadh ar aon deis, ná an darna h-oidhche ar aon leabaid ná go bfuighe tú mise amach sa domhan leat. D'imigh sé leis annsin, is a curaicín lom luadh leis. Tháinig Mac Rí Éirinn abhaile é dubhac brónach. Is cosamhail le Mac Rí thú a bheadh geasaí eicint air, ars an t-athair leis. Ce'n sort geast atá ort a mhic? Tháinig scológ
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Neans Ní Mhuiris
    Gender
    Female
    Informant
    Padraig Ó Tuarthail
    Gender
    Male