School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 486

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 486

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 486
  3. XML “Mistéal Annraoi i gCaisleán na Coille Móire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall le seasga blian ó shoín bhí fear darbh ainm Mistéal Annraoi in a chomhnuidhe sa Chaisleán i gCoill Mhór. Bhí sé ana fial leis na bochta agus an mór leis an Sagart Paróiste.
    Lé amháin bhí an Mistéalach agus a seirbhísigh amuigh cois abhann agus chonnacadar cúpla fear ag iasgaireacht bradán gan chead. Bhí an Mistéalach ar buile. Chuaidh na fir go dtí an sagart Paráiste agus nochtuigeadar an sgéal dó. Gheall an Sagart go ndéanfadh sé socrú leis an Mistéalach. Cuige sin chuaidh sé go dtí an Caisleán agus d'iarr sé ar an Mhistéalach maitheamhnas a thabhairt do na fearaibh. Bhí sé fanac ag an Sagart bheith ag pléide. Faoi deire tháinig fearg ar an Sagart agus dubhairt sé leis an Mhistéalach go mbéarfadh sé ar iasc níos mó in a líon ná an ceann abhí ag na fir an lá sin.
    Tamall in a dhiadh seo chuaidh an Mistéalach agus a chliabhán amach ag bádóireacht. Chuaidh a ingean, a naoibheanam agus an buime amach san gcarbad agus socruigheadh go rachaidís go léir abhaile um tráthnóna sa gcarbad. Bhí an carbad ag filleadh abhaile um tráthnóna agus nuair a bíodar ag dul treasna droicid buail muc amac ar an mbóthar, baineadh geit as na capaillibh, léimeadar agus caireadh an bean uasal isteach san abhainn agus sghuab an tuile leis í.
    Nuair a bí a h-athair agus a fear ag teacht abhaile connacadar an carbad ar an mbóthair gan duine in a bun. Bhí an buime gan cainnt agus an leanbh beagnach marbh.
    Bhreathnuigheadar thar an droichead agus cé bhí istigh ann ach an bean agus í ag dul leis an tuile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish