School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 476

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 476

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 476
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D'imthigh fear as an áit seo fadó, timcheall leithchéad bliadain o shoin, nó mar sin, go Cathair na Mart.
    Théigheadh go leor daoine as an áit seo annsin an uair sin, fá choinne earraidh tighis. Théighidís go minic de shiubhal cos, agus go minic le cár agus capall. Ní mé anois an é dá lá nó trí a bhídís imthighthe, ach déantaoi an turas sin cúpla uair sa mbliadhain. Fad an turais sin, timcheall dachad míle ag imtheacht agus an t-achar céadna a' teacht ar ais.
    Bhí an fear seo a' teacht abhaile cúpla lá ina dhiaidh sin, agus cár trosgáin aige fá choinne duine eicint. Tháinig an oidhche air agus é píosa maith o bhaile. B'éigean do gluaiseacht go mall réidh, mar bhí ualach mór ar an gcapall agus bhí sé 'ghá tharraingt ar feadh an lae sin.
    Bhí sé a' dhul tar áit a dtugtar Aill an tSeabhaic air nuair a stop an capall i lár an bhóthair. Ní chuirfead sí cos thar an gcois eile dá marbhuigheadh an fear í. Bhí an fear in áirde ar an ualach trosgáin, agus isteach is amach, treasna faoi bholg an chapaill. Tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Barbara Ní Congaile
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway