School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus sar i bhfad bhí clár-feadaigh-éadach amach ós cómhar a shúile agus gach nídh chómh maith ann agus a bhéadh ar bord ríogh. D'ith sé a sháith agus nuair a bhí sé réidh, dubhairt an tarbh leis: "Ná labhair focal faoi seo"Bhí an buachaill lán sásta agus dubhairt leis féin nach mbéadh aon ocras air aríst go deo! Um tráthnóna, d'fhill sé ar ais ag teach a mháighistir, agus ar ndóigh, réidhtigh bean a' tíghe súipéar dó ach ní raibh aon fonn ithe air. Ní raibh a fhios ag an mnaoi cé'n fáth nach raibh sé ag ith mar ba gnáthach leis, tar éis lá fada amuigh ar an sliabh."Ní féidir go bhfuil tú tinn" adeir sí leis. "Níl mé", adeir an buachaill "ach tá mo sháith láidir ite cheana agam."An lá in a dhiaidh sin, chuaidh sé amach ag obair, agus timcheall an uair céadna, thainic an tarbh anonn tríst aige, agus d'ith sé agus d'ól sé a sháith, go dtí nach raibh rud fágtha ar an mbord. D'fhill sé abhaile um tráthnóna ach má chuaidh, níor ith sé a oiread agus blas. Bhí fearg mór ar bean an tíghe nuair nach raibh a fhios aice an fáth a bhí leis sin. Bhí bean eile sa gcómharsanacht an-mór leithe-seo agus d'innis sí i dtaobh an buachalla: "Is gearr go mbeidh fios agamsa faoi sin", adeir sí, agus droch cas ar a súilibh. An lá i ndiaidh sin, chuaidh sí díreach go dtí an sliabh agus d'fhan i bhfolach ar feadh an lae agus(continues on next page)
- Collector
- Dóirín Ní Mhuiris
- Gender
- Female