School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 470

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 470

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 470
  3. XML “Tarbh Fiáin an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tarbh Fiadhan an tSléibhe
    Fear a bhí fadó ann, agus bhí teach cómhnuidhe ag bun chnuic aige in Íarthair na h-Éireann. Phós sé cailín óg as an gceanntar céadna; rugadh mac dóibh agus bhí grádh mór aca dó. Tar éis cúpla bliadhan, cailleadh an bean óg seo agus bhí uaigneas agus briseadh croidhe ar an bpáiste bocht agus ar an athair freisin. Dubhairt sé leis fhéin go mbfhearr leis bheith caillte ó tharla nach raibh aon cómhluadar anois aige sa saoghal ach amháin an páistín beag bídeach.
    Lá amháin, tháinig bean siubhail ag iarraidh déirce agus dubhairt an fear in a inntin féin go ndéanfadh sí bean bhreagh dó fhéin agus go mba cheart dó í phósadh. Pósadh iad. Nuair a bhí mac an chéad pósadh dhá bliadhain déag nó mar sin, shíl a athair go raibh sé in am aige dul ag obair.
    Cuireadh amach é gach lá agus bhíodh sé ag buachailleacht na mbó amuigh ar a' sliabh. Is minic bhíodh ocras agus tart air mar ní bhfuigheadh sé mórán le n-ithe. Lean sé den obair, ámhthach, agus lá amháin thaining tarbh mór millteach anonn aige. Dubhairt sé a' mbuachaill: "Tá fhios agam go bhfuil ocras mór ort, bain an adhairc díomsa agus tarraing amach bíadh agus deoch agus gach nídh atá teastáil uait." Rinneadh mar sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Dóirín Ní Mhuiris
    Gender
    Female