School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 469

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 469

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 469
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a cómhnuidhe i gClochán Árd agus bhi bruinglóid aige agus shíl sé go raibh sparán óir i bfolac in droichead Luimnigh. D'innis sé dá mnaoi ar maidin faoin brionglóid agus dubhairt sise leis dá mbéadh a leithéid aige trí h-oidhche in a dhiadh a chéile go gcaitheadh sé bheith fíor. An céad oidhche eile agus an oidhche in a dhiadh sin arist bhí an brionglóid ceadhna aige. An céad lá eile, bóg sé leis go moc ar maidin agus níor stop sé gur shroic sé Luimneach. Chuaidh sé amach ar an droichead atá thar an abhann.
    Casadh fear leis annsin agus thosuigheadar ag cainnt. D'innis sé d'on fear céard a tug ann é. "Nach aisteac an rud é" ars an fear eile "go raibh mise ag brionghlóidig go bhfuighinn pota óir buí i bhfolach sa sean balla i teampall Naomh Feicín in Iomhaidh (= Omey). Acht c'en caoi a rachaidh mé annsin agus gan a fhios agam ca bhfuil an áit sin?"
    Níor dhubhairt an fear as Clochán Árd aon rud leis sin acht d'imigh sé leis abhaile chomh thapaidh 's bhí in a cosa. Siar leis go n-Oileán Iomaidh. Cuartuigh sé ins na sean-fothraca agus ba gearr a bhí sé ag cuartugadh go bhfuair sé an pota bréag óir ann agus ní bréag arádh gur cuir a bhean na mílte fáilte roimhe nuair a tháinig sé abhaile leis on óir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chodhain
    Gender
    Female