School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 468

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 468

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 468
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeál
    Bhí fear ann fad ó agus aon lá amháin chasadh isteach i siopa é. Bhí fear an t'siopa ag diol uibheaca gé. D'iarr an fear air "ceard iad féin". "Tiocfhaidh capaill óg amach as gac ubh acu seo". "Tá capall ag teastáil go geár uaim", adubhairt an fear", agus deamhan caoi bfheith a bhfuiginn capall ná ub ghe a ceannach". Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Cheannuigh sé an t-ub agus d'imtigh leis abaile. Ba gearr go dtáinig sé go h-abann agus cait sé an ub treasna na h-abhann agus leimh sé fein in a dhiaid. Rith girrfiadh amac as an áit ar thuit an uibh agus shíl m'amadan bocht gur capaillín a bhí ann. Bhí sé ag rith is ag rith nó gur rith girrfhiadh eile amach as thom. D'imthigh leis aríst agus a teanga amac as a bheal. Léim an tríomadh girrfhiadh amac. Chuaidh an fear isteac i dtheac a bhí in aice leis agus d'iarr sé ar fear a' tighe an bhfaca sé aon capall a dul an bealac. Dubhairt an fear gur tháinig capall óg buidhe isteach in a pairc féin an lá sin agus ní raibh fhíos aighe ce leis é. "Sin é mó capall é" arsa an fear. Tug sé an capall leis abaile. Nuair a bhí leath-bealaigh connaich sé garda a' déanamh air. Diarr an garda air ca bfuair sé an capall agus an fear leis gur ceannuigh sé é. Bhí fhíos ag an garda go raibh sé ag innsint bréagh, mar goideadh an capall buidhe sin cupla seacthmhain ó soín o fear saidhbre. Cuireadh an fear bocht isteac i bpriosún.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish