School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 466

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 466

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 466
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lamhanain ann fadó agus ní raibh aon chlann ortha. Bhí cion mór acu, dá chéile. Tháinic an diabhal lá don teach, nó go bhfeicfeadh sé an raibh sé indán troid a chur eatorrtha, acht theip ar an mbitheamhnach. Casadh bean siubhal dó ar an mbóthar an lá céadna, agus dubhairt leis go dtiubharfaidh sé an méid airgid dioth, agus nach caitthe go deo aici dá mbeadh sí indán troid a chur ar bun idir an lanamhan. Dubhairt sise go ndéanfadh, agus d'imthigh leithe ag triall ar an teach a bhí i gceist ag an diabhal. Bhuail an bean siubhal isteach i dteach na lanamhan agus d'iarr ar an bhean cá raibh fear a' tíghe. Tá sé amuigh ag obair adeir an bean. Nach mór an feall nach bhfuil aon chlann oraibh. Céarad a thuibhrfádh domhsa anois agus beidh mac óg agat, sul a mbeidh an blian thart. Tiubhrfaidh mé rud ar bith dhuit adeir an bhean. Anois adeir an bean siubhail ar a dó-déag a clog anocht faghaidh galaoireach, agus uisge, agus rásuir. Cuir galaoireach ar leiceann d'fhir bearr an taobh sin annsin, agus ná bac leis an taobh eile. Beidh mac óg agat comínnteis is a bhfuilim annseo bliadhan an oidhche anocht. Caithfidh mé a bheith ag imtheacht ars an bean siubhal, tá sé ag eirighe mall. Fan san áit a bhfuil tú anocht ars bean a' tíghe. Ní féadaim adeir an bean siubhal tá mo chlann is mo chuid le aire a thabhairt doibh. Taobh amuigh ó'n doras casadh fear a' tighe uirthi ó teacht ón ngort. Buidhcheas le Dia gur thainic mé, treasna ort, mar tá do bean ag brath ar do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1353: The Old Woman as Trouble Maker
    Language
    Irish
    Collector
    Dóirín Ní Mhuiris
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway