Sgéal Timhcheall le ceithre sgór bliain ó shóin bhí bean in a comhnaidhe sa gclochán in aice le loch Áine. Bhí sí ag déanamh nigheachán lá amháin agus chuaidh sí go dtí an loch leis an t-uisge do sruithlú. Fad is a bhí sí ag déánamh a chuid obair chonnaich sí ainmidhe beag ag teact amac as an loch. Táinigh faithchíos ar an bean agus do thóg sí bata suas agus mharbhuigh sí an t-ainmhidhe. Tháinig ainmhidhe mór aníos annsin agus do mharbhuigh sé an bean. Annsin thosuigh sé ag ól a cuid fola. Sa thráthnóna tháinig fear an tighe abhaile agus ní faca sé a bean in aon áit. Amac leis go dtí an loch agus chonnaic sé a bean sínte marbh agus an dobharcú in aice léi. Do thóg sé bata agus marbhuigh sé an dobharcú. Annsin dubhairt na comursanna leis glanadh amac as an mbaile. Do thóg sé capall amac agus bhí sé in aice le sráid salac nuair a tháinig dobharcú eile suas leis. D’ísligh an fear agus bhí sé ag dul isteah i dteach nuair a chuaidh an dubharcú tríd an gcapall. Do thóg an fear a gclaibheamh amach agus do mharbhuigh sé an dobharcú.
Áine Ní Mhuiris An Clocán Co na Gaillimhe
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »