School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 462

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 462

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 462
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    An bhfuil fios agat m’ainm adeir sí, ag caitheamh an t-snátha go t-agdach mí-chéadthach ar an urlár. Céád míle fáilte romhat a sníomh ar búndún adier an bean.
    Mo beannacht duit adeir an bhean shídhe ar mo mallacht do béal do mhúinte agus amach lei an doras go feargach. Bhí an ollainn sníomhfá dí gan tríoblóid dí. An cead lá eile táinig figheadhóir isteac chuigh an mbean chéadhna. Figheadhóir mise a deir sé agus fighfe mé do bhreibín dhuit gan aon luach saotair ach fios m’ainm a bheith agat nuair a tiocfaidh mé arís. Tá go maith adeir a bean béas agam é. Tug sé leis na ceirtíní snátha. An céad lá eile bhí an bhean a seóladh a cuid beithigheach arís agus í ag dul tar an gcnocháin ceadna cuala sí an rann ag teact cuigi as an gcnocán. Is beag a cuimhnigheas bean an amhras gur Midiltí Rabhlau m’ainm insui. Lean dá rádh sin go ceann tamhaill. Is gearr gur cuimnigh an bean go bfeidir gurb é an figheadóir é a bhí ag figheadán an bréidín dhi. Cuimnigh sí go maith ar an ainm. Midiltí Rabhlau. Chuaidh sí abhaile. An lá céadhna táinig an figheadóir. Chaith sí an bréidín fighte ar an urlár. Sead a deir sí a bhfuil fios m-ainm agat. Dubhairt sí cead míle fáilte romhat a Midiltí Rabhlau. Beannacht (leat) duit a deir sé ach mallact do bhéal do múinte bú é féin béal a múinte. Bhí an breidín sníomhfa fighthe gan call di blas a chailleadh. Bíonn na sgéalta sin agus go leor sgéalta aisteaca eile dá n-insint oidhcheannta fada úrláin aois na teine anseo. Go deimhin chuirfeadh cuid aca gruaig do cinn na seasamh ag cuir síos ar thaidhbsidhse agus ar dhaoine mhaithe gach lá le sgéal is uathbhásaighe agus is aistighe ná a céile. Chloisfeadh cuid do na daoine an mhaighistir dhá déanamh istig in áill agus lár an lae ghil ghréine.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish