School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 459
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    easgainí ná gáirseamhlacht leóbhtha agus nach maithe leó brocamas ná sallachar agus deir siad nac ndéanann siad aon tathaigh in áit ar bith nac mbéad glan.
    Chualadh mé sgéal mar gheall ar bhean a bhídh a’ cárdáil agus a sniomhachán i dteach leite féin agus dfanad sí an fhada oidhche. Ba oidhche Satairn a bhí ann agus deir siad na bfuil sé ceart ag duine a bheith rófhada in a shuidhe oidhche Satairn go mór mor ag déanamh aon obair. Ba ghearr go dtainig bean isteach agus túirne agus cárdai aici.
    An glacfa tú mise mo thúirne agus mo chárdai adeir sí le bean a’ thighe. (Mise) muise glacfadh adheir bean a’ tighe. Is gearr go dtáinig bean eile isteach agus túirne agus cárdai aici féin. An glacfa tú mise mo thúirne agus mo chárdai adheir sí. Glacfadh adeir bean a’ tigh. Thoshaigh ar an mbeirt a cardáil agus a shníomhachán. Is gearr go dtáinig bean eile agus túirne agus chárdlaí aci féin agus d’fiafraigh sí an rud céadhna do bhean a’ tig.
    Glac bean a’ tighe í mar a cuid eile. Is gearr go dtáinig bean eile agus bean eile agus bean eile go go raibh 8á bean déag aca ann. Túirne agus cárdai ag chuile bean aca. Chaon duine acu a fiafraigh do bean a’ tig an glacfadh sí féin a túirne agus a chárdalaí. Bean a tig a’ rádh go nglacfadh. Doibre orra ar a starradh cuid acu ag cardáil an cuid eile ag sníomhachaín. Níor moill orra cuid mait ollaine sníomh agus a cardáil. Ní raibh fhios ag bean a’ tig an ar maith no an olc leite a tháinig an dhá rang cuici san meadhan oidhche ac bfearr leite nácuid ag féachaint orra go faiteach. Is gearr gur breathnaigh duine acu uirthi go feargach. Nac fada adeir sí go bfuil tú ag fágháil rud len ithe fá rúr bhúinn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish