School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 456

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 456

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 456
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéalta.
    Tá a lán sgéálta ag baint leis an Mhaighdean Muire agus a cumhacht san gceanntar seo. Cloisfheá agus tú ag cainnt leis na sean daoine agus iad ag tabhairt moladh le Dia agus a Mháthair : "Á tá Dia go maith, agus atá Máthair mhaith aige, a stór." "Moladh mór le Dia, agus leis and Maighdean Muire." Tá nós ag na sean daoine nuair a bhíos siad ag dul thar pictiúir no dealbh na Maigdine go cromann siad a gcinn agus go n abrann siad paidir gearr.
    Seo sgéal a chualas ó sean bhean atá in a chomhnuidhe ag láimh leis An Clochán. Brighid Ruad a h ainm:
    "Do bhí Máthair Dé ag siubhal roimpi le tuitim na hoidhche uair; oidhche an fluic a bhí ann. Ní he amháin go raibh sé ag báisteac go han-trom acht bhí an ghaoth ag séideadh an tseáil do bhí thart uirre féin agus ar ár slánuighhteoir. Ní raibh sé acht báidhte fliuch. Do bhí sé truagh ag duine ar bith dhóibh go deimhin. Do bhí go maith. Do bhí sí ag siubhal roimpi an créatúr, go dtáinig sí go bothán do bhí ag thaoibh an bhóthair. Do réir mar bhí sí ag teannadh leis an mbothán chuala sí torann; torann mar bhéadh duine ag bualad stáin le casúr. Ní raibh sí in a oidhche baileach, is ní raibh an doras dúnta. Do sheas sí ag an doras gur bheannaigh isteach. Tincéar do bhí ag déanamh báisíní do bhí istigh. D'iarr sí ar son Dé air a' ndéanfadh sé biorán dí do chongbhóchadh a seal thart uirre féin agus a leanbh. Do bhí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Mhaoldhomhnaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Brighid Bean Uí Fhatharthaigh
    Gender
    Female
    Address
    Tullyvoheen, Co. Galway