School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 452

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 452

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 452
  3. XML “Tomás Mac Amainaidhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tomás Mac Amainaidhe
    Bhí fear ann agus bhí go leór gasúr aige is sé an bhocht. Ní raibh aige acht aon bhó amháin. B'éigin dó an bhó a dhíol. Nuair a bhí sé ar an aonach casadh fear dhó. Bhí gabhar agus pocaide ag an bhfear. ''Béarfaidh mé an gabhar agus pocaide duit ar an mbó'' dar an fear ar leis an gabhar.
    ''Ní thiubhraidh mé an bhó duit'' adubhairt Tomás nó go dtug sé an bhó dó. D'imthigh Tomás leis agus an gabhar agus an pocaide leis. Casadh fear eile dhó agus bhí dhá chaora agus réithe aige. ''Béarfaidh mé an dá chaora agus réithe duit ar an gabhar agus pocaide.'' ''Ní thiubhraidh mé'' adubhairt Tomás ''is gearr ó fuair mé féin iad.'' Bhí sé le Tomás go deo nó go dtug sé an gabhar agus an pocaide dhó. Casadh fear eile do Thomás agus bhí dhá ghé agus gandal aige. ''Béarfaidh mé an dá ghé agus gandal duit ar an dá chaora agus réithe.'' ''Ní thiubhraidh mé muise'' adubhairt Tomás ''mar is gearr ó fuair mé féin iad.''
    ''Bhí an fear le Tomás go deo nó go dtug sé an dá chaora agus réithe dhó ar an dá ghé agus gandal. D'imthigh Tomás leis nó go casadh fear dhó a raibh dá lacha agus bárdal aige. ''Béarfaidh mé an dá lacha agus bardal duit ar an dá ghé agus ganndal.'' ''Ní thiubhraidh mé'' adubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1415: Lucky Hans
    Language
    Irish