School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 450

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 450

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 450
  3. XML “Scéal faoi Bheirt Fhathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal faoi beirt fhathach
    Bhí beirt fhathach ann fadó agus sé an t-ainm bhí ortha Glug agus Clug . Bhí Glug chomh h-árd is nach raibh tada le feiceáil idir mullach a chinn agus an spéir is bhí Clug chomh leathan le coca féir. Chuile uair a mbíodh an bheirt fhathach ag dul thart cheapadh na daoine go bé an oídhche a mbíodh ann mar bhídís ag clúdughadh na gréine.
    Bhí chómhnaidhe ar an mbeirt fhathach suas sa gcnoc i dteach mór millteach is ní bhfágadh siad cearc ná muc ná bó ag na ndaoine nach ngoideadh siad is nach n-itheach siad. Chuir an rí amach na h-airm ab fhearr a bhí aige in aghaidh ach ba ghearr a sheas siad go Glug agus go Clug.
    Chuir an rí amach fógra ar deire aon duine a mharbhóchadh an dá fhathach go bhfuigheadh sé rud ar bith ba leis. Bhí baintreabhach san áit is bhí aon mhac amháin darb ainm Seán. Bhí misneach mór ag Seán agus dubhairt sé go gcuirfeadh sé deire leis na fathaighibh.
    Bhí dá pheata aige luch agus beach agus bhí a dóthan saighdiúirí ionnta leis na fathaibh a mharbhú. Nuair a bhí na fathaigh 'na gcodladh chuaidh Seán go dtí an teach é féin agus an luch agus an bheach. Chuir an luch poll sa doras is chuaidh sé féin agus an bheach isteach is d'fhán Seán taobh amuigh.
    Chuaidh an luch go dtí Glug agus bhain sí greim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Giobúin
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway