School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 448

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 448

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 448
  3. XML “Ardoileán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairim is trí mhíle taobh thiar de Ceann Eachrois agus ceithre mhíle ó bháile mór an Chlocháin tá Árd-Oileán. Tá clú ar an oileán ón aimsir ársa mar bhíodh na naoimh ann agus tá cuid de na clocháin nó tighthe cruinne cloch dá raibh aca le feiceáil indiu féin ag an té a rachadh ar an oileán. Deirtear go dtáinic Brian mór Borumh go h-Árd Oileán tamall roimh Cath Chluana Tairbh agus go ndearna sé turas ag an tobar beannuighthe ann. Dubhairt an naomh Gorm Gall leis an Righ go mbeadh fhios aige féin cé mar a rachadh an cath gan aon sgéal a teacht chuige. Trathnóna lae an catha Aoine an Céasta bhí an naomh ag guidhe ag an tobar agus thug sé faoi deara go dtáinic uacht ar fola air agus tuigeadh dó go raibh an buadh ag na gaedhil acht gur marbhuigheadh Brian.
    Tháinig na Protastúin go h-Árd Oileán timcheall céad bliadhain ó shoin agus nauir a chonnaiceadar an tobar beannuighthe agus an cion a bhí ag na daoine air 'sé iad go deagh-mhóideach ag tabhairt turas ann. Ghlacadar an oiread fuath dó gur ghearradar clais mór uaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish