School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 446

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 446

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 446
  3. XML “Luach na Bó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luach na bó
    Bhí dearbhrathair saidhbhir agus dearbhrathair bocht ann aon uair amháin. Bhí neart le n-ithe agus le n-ól ag an ndearbhrathair saidhbhir agus ní thiubhraidh sé blas le n-ithe ná le nól don bocht ná raibh aige acht aon bhó amháin. Lá amháin chuaidh sé ar an aonach leis an t-aon bhó sin a dhíol agus beadh a cheanacht ar a luach.
    Nuair a bhí sé ar an aonach chonnaic sé beirt gardaí ag tigheacht chuige agus fear idir iad.
    D'fhiafruigh sé díobh cén fáth goraibh sé aca agus dubhairt siad gur ghoid sé bó ó fhear eile agus go raibh siad ghá chur san príosún.
    ''Go bhfóiridh Dia air'' arsa an fear bocht. ''Meas tú dá bhuigheadh an fear ar tughadh uaidh an bhó bó eile in a h-áit a mbeadh sé sásta?'' ''Tá fhios agam go mbeadh'' arsa duine den na gardaí. Thug an fear bocht seo a bhó féin ar son na bó a ghoid an fear eile uaidh.
    Bhí sé ag dul abhaile annsan agus lean an fear a dhoid an bhó é. ''Cá bhfuil tú ag dul?'' arsa an dearbhráthair bocht.
    ''Tá mé ag dul in éindigh leatsa mar is tú a leig saor mé.'' D'imthigh leo annsin. Lean an fear a ghoid an bhó é go dtáinic siad abhaile go dtí teach an dearbhtháir bocht.
    Nuair a tháinic siad isteach sheas an bhean agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish