School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)trom é Boiligín.'' Chuaidh sí abhaile agus suas léi ar an teach agus bhí pota mór crochta ar an teine. Sgaoil sí anuas na clocha mar shíl sí gur bé Boiligín a bhí ann agus briseadh an pota eile agus b'é an dara pota briste annsin. Do shocruigh an bean dul ar a thóruigheacht annsin. Chuaidh sí go dtí teach Boiligín agus dubhairt ''Im agus arán sa mála seo do Bhoiligín.'' Chuaidh Boiligín amach agus chaith sí síos sa mála é. Chroch sí léi agus í go h-áthasach.
Nuair a bhíodar ag dul thar an gcoill dubhairt Boiligín ''Ní dheacha m'athair ná mó mháthair thar an gcoill seo ariamh gan slát a bhaint'' acht ní dhearna sí a chomhairle. Nuair a chuaidh sí abhaile thug sí Boiligín isteach sa dteach go bfeicfheadh sí b'é Boiligín a bhí ann agus b'é. Bhíodar le Boiligín a mharbhadh acht d'fhág siad sgathamh é go mbéadh sé ramhar. Lá amháin bhuail donnacht duine de na cailleachaibh agus d'imthigh an bheirt eile na an aifreann agus d'fán Boiligín sa mbaile ag tabhairt aire don t-sean-bhean. Nuair a tháinic an bheirt eile abhaile bhí an t-sean-bhean marbh ag Boiligín agus a cuid éadaigh air aige agus dinnéar breágh déanta aige di. Chuaidh na chailleacha ag ithe agus ba ghearr gur tháinic tart ortha. ''Slub slab'' adeir cailleach. ''Tá tart orm féin.'' ''Slub slab'' a deir cailleach eile. ''Tá tart orm-sa freisin.'' Chuaidh siad amach ag ól san mbarraile agus chaith Boiligín síos iad agus bhí an teach aige féin agus a mháthair agus na cailleacha báidhte.