School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 441
  3. XML “Leigheas an Dochtúra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé ana-bhuidheach de ach cúpla laogh a chur chuige i gcóir na fleidhe. Nuair abhí na litreacha léighte ag an doctúir uasal, fuair sé na laoghannta agus na peallairí agus sgríobh sé leitir chuig an mnaoí a rádh leithe go raibh sé ag cur an rud a d'iarr sí air chuice agus ceann acu a slugadh gach ré uair a cluig. Dubhairt sé i leitir a carad go raibh súil aige go gcuideochadh siad leis an bhfleidh.
    Thug sé na litreacha, na laoghannta agus na peallairí do Pádraig le tabhairt do'n mhnaoí agus d'á charaid. Ag an am céadhna, dubhairt se leis go raibh súil aige go mbheadh sé indon an teachtaireacht beag sin a dhéanamh i gceart.
    B'sin í an t-súil a chlis ar an docthúir, ámhthach, mar fairíor géar, ní raibh a dhóthain céille ag Pádraig leis an méid sin do dhéanamh i gceart. Mheasg sé na litreacha ar an mbealach agus muna raibh iongnadh ar an mnaoi nuair a fuair sí na laoghannta agus an t-ordú "ceann acu a slugadh gach ré uair", ní lá fós é. Níor chreid sí i gcómhairle dochtúra uaidh sin amach, agus a chonách sin uirthe, tá sí beo fós.
    Ach ba bheag a h-iongantas i gcomartas le h-ionghantas agus fearg an charad nuair a fuair sé na peallairí "le súil go gcuideochaidh siad leis an bhfleidh". D'freagair sé do'n doctúir a' fiafhruighe de an raibh seisean ag ceapadh go raibh faoi fhein nimh a thabhairt don ceanntar go léir, nuair cuir sé na peallairí chuige. Ni chuirfeadh saoghal in a luighe air gur dearmad a thárla agus ní raibh baint na pairt acu le na chéile o shoin i leith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish