School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 440

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 440

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 440
  3. XML “Amadán Mháire Rua”
  4. XML “Leigheas an Dochtúra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é. Bhí fhios ag an mháthair go n-innseóchadh Mánus chuile shórt is bhathuigh sí an ceannuidhe is cuir sí potaide in a áit.
    Is gearr go dtáinic tóir ar an gceannuidhe. D'innis Mánus gur mharbhuigh sé féin é is gur chuir sé é. Chuaidh na gárdaí go dtí an áit ar cuireadh é is chuaidh Mánus isteach sa poll is tarraing sé amach conablach an ghabhair. "Seo dhíbh anois" is feicim gur fás péire adharc ar an diabhail ó chuir mé annsin é. Ansin chuaidh na gardaí abhaile ar bhí fios aca gur amadán Mánus. Uaidh sin amach bhí Mánus is a mháthair saidhbhir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ag seo sgéal a fuaireas ó sean-mnaoi a chasadh orm cupla bliadhain ó shoin. As oileán Searc í. "Leigheas an Dochtúra" an t-ainm atá ar an sgéal. Bhí an dochtúir in a chómhnuidhe in aice leí trath agus beidh cuimhne ag an gcómharsanacht go h-éag ar an sean amadán, Padhraig, a bhí mar sheirbhíseach aige.
    Maidin amháin thug Pádhraig dhá leitir d' á mháighistear, ceann acu ó mhnaoi a bhíodh i cómhnuidhe a' ceapadh go raibh sí i mbéal an bháis, ag iarraidh air peallairí a chur chuice le na slaghdán a leigheas. Ó charaid an dochtúra an ceann eile ag innsinnt dó go raibh faoi fleadh a thabhairt go muintir na cómharsanachta agus go mbeadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish