School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 434

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 434

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 434
  3. XML “Scéal faoi Chrois Bhríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Sgéal faoi Chrois Bhrighde"
    Uair amháin bhí Naomh Bríghid ag tóruigheacht píosa talmhan le h-aghaidh clochair, a chur ar bun ann. Bhí sí ag siubhal ó áit go háit ag féachaint cé'n duine a thuibhreadh píosa talmhan dí. Bhí Págánach 'na chomhnuidhe ins an áit is bhí Bríghid ag dul char a dhoras, is chuala sí mar bheadh duine éigin ag osnaighil. Sheas sí ar feadh tamaill ag aghaidh an dorais. Bhí an osnaghail ann i gcómhnaigh.
    Annsin cheap sí gur duine éigin a bhí ag fágháil bháis, is chuaidh sí isteach. Bhí an Págánach 'na luighe ar leaba tuighe san gclúid is é ag saothrughadh bháis. Chuaidh Naomh Bríghid anonn go dtí é, is labhair sí leis. Ní raibh mórán cainnte aige. Bhí fios ag Naomh Bríghid nar chreid sé in Dia, is thosaigh sí ag múineadh an creidimh dhó chomh maith agus d'féad sí. Faoi ceann sgathaimh creid se in Dia. Annsin d'iarr sé maitheamhnas ar Dhia mar gheall ar a chuid peacaidh. Nuair a bhí Naomh Bríghid ag múineadh dó faoi Páis Chríosta ní riabh aon pictuir aici de, agus tharraing sí slám tuighe amach as an leapa, is rinne sí pictúir na Croise. Annsin Bhí sé níos soléire do'n Págánach é do creideamhaint. Sul ar chailleadh é tug Bríghid baiseadh urláir air, agus chuaidh a anam go Flaitheas. In a dhiadh sin chuile Féile Bríghde, déanann na daoine croiseanna Bríghde le cuimhne a chonghbheál uirthi agus an caoi a mhúin sí an creideamh do'n págánach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish