School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar

Filter stories

Back
/ 538 Forward
Resolution: Low | High
Clochar na Trócaire, An Clochán | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 427

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

glan isteach ins an gcnoc agus cú 's marcach annsin ag féachaint uirthi. Nuair a thainniceadar ag an spota i lár an chnuic, ní raibh poll ná bealach isteach le fághail aca ann.
D'imthigheadar abhaile agus iad tuirseach, traochta, tnáite indhiaidh 'n lae. Fuair an cú bás cúpla lá in a dhiaidh sin agus d'imthigh Oncall Uilliam go Meiriceá. Ba girrfhiadh draoideachta a bhi ann agus ba ins an gcnoc sin a bhí an Bruighean ag na sídeoga.

Uair amháin bhí ar fhear leitir a scríobhadh dá mhac a bhí in Ameiriocá agus chuaidh sé go muinteoir chun an leitir do scríobhadh dó. Nuair a bhí an litir beagnach críochnuighthe ag an múinteoir d'fhiafruigh sé de'n fhear an raibh aon rud eile le h-innsint aige. Muise níl ars an fear, "ach abair leis mo leithsgéal a ghabháil mar gheall ar an droch-scríobhnóireacht."

Language
Irish