School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 425

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 425

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 425
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí teach i mbéal leice tuairim is seascadh bliain ó shoin agus bhíodh taibhse le feiceáil ann. Ag uair an mheadhon oidhche bhíodh cailín ag siubhal tríd an seomra agus ní fheictí riamh í ag teacht isteach.
    I ndeire na dála moladh d'fhear ceist do chuir uirthi. Rinne sé amhlaidh. D'innis an cailín a hainm don fhear agus go raibh sí in a comhnaidhe sa teach tráth agus go raibh sí i bpionós toisc gur cheannaigh sí péidhre bróg i siopa sa gClochán agus go bhfuair sí bás sul má bhí seans aici d'íoc asta.
    Thug an cailín cuntas cruinn maidir le costas agus dáta. Seacht scilleacha go leith a bhí ar na bróga. Chuaigh an fear go dtí an siopa agus chuir sé ceist ar fhear an siopa. Cheap sé nach raibh na leabhra aige ach annsin chuimhnigh sé gur chuir a sean-athair na sean-leabhra i seomra suas staighre. Chuaigh sé suas agus fuair sé leabhar na bliana sin agus an costas ann. D'íoc fear an tighe an seacht scilleacha go leith agus ní fhaca sé an cailín ón t-am sin amach.
    Sinéad Nic Liaim.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Sinéad Nic Liaim
    Gender
    Female