School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar

Filter stories

Back
/ 538 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal
Bhí cailín aon uair amháin ann agus bhí triúr buachaill ag ruirghe léithi, agus dubhairt sí an té b'fhearr aca a chumfadh ceol go bpósfadh sí é. Bhí saor agus gabha agus congbhálaidhe ann.
Is é a dubhairt an saor :-
'An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
Ná dhá shaor déag ag déanamh luinge;
A thuagh féin i láimh gach duine,
'Siad suas 's anuas buille ar bhuille?

Labhar an gabha annsin agus dubhairt:-
'An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
Ná dhá ghabha déag ag déanamh grille
A lámh-ord féin i láimh gach duine
'S iad ag dul suas is anuas buille ar bhuille?
Labhair an congbhálaidhe annsin agus is é a dubhairt sé:-
'An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
Ná ceirseach mhall i ngleanntaibh coilleadh;
Dearadóis leobhtha agus é dá mbroiduighadh
'S é ag tionntadh an dún-fhóid aníos.

(continues on next page)
Collector
Aodhnaith Ní Chiarmhaich
Gender
female
Address
Clifden, Co. Galway
Language
Irish