School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 410
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí sean -fhear (ann) i gClochan agus bhí sé ceaptha go raibh cuimse mhór airgid i dtaisge ina leabaidh aige. Bhí sé an-aosta agus b-annamh a d'eirigheadh sé chor ar bith as a leabaidh. Aon lá amháin, nach raibh anns an teach ach é fhéin agus cailín beag óg, do sgiorr sé amach as a leabaidh agus chuaidh sé amach go dtí tom sgeacha do bhí a' fás thrí chreagán cloch achar beag ó'n teach. Chongbhaigh an cailín a súile air agus dar léithe gur chuir sé rud eicínt i bhfolach san tom, ach nuair a tugadh cineál cuartuigte ar an tom ina dhiaidh sin níor frítheadh dada ann.
    Mar sin fhéin bhí aimhreas ag daoine gur chuir an sean bhuachaill rud eicínt san tom an lá úd agus achar gearr i ndiaidh a bháis sgata buachaillí óga go dtí an tom agus thosuigheadar dá chuartú ach d'éirigh coileach franncach ama? chuac agus ritheadar le n-a n-anamanna agus d'fhan an sgéal mar sin ó shoin mar nac raibh sé de mhisneac ag aon duine a dhul i ngaor an toim uaidh sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Barbara Ní Congaile
    Gender
    Female