School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 408

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 408

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 408
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-bhean i GClocan fadó agus shíl a cuid óir a shluigheadh sul dá bhfághadh sí bas, mar d'airigh sí go raibh an bás i ngar di. Bhí leabaidh cóirighthe le h-ais na teineadh di 'san gcisteanaigh. Aon lá amháin, nach raibh 'sa teach acht an tsean-bhean agus malrach mná nár chuir sí mórán suime innti, rug sí ar sgilléad a bhí ar an teinteán agus chuir sí rud eicínt isteach ann agus chuir sí ar an teinidh é.
    Bhí an malrach a' breathnú uirthi i nganfhios di agus faoi cheann tamaill, nuair thuit sí ina codladh, mar go dtagadh trom-chodladh go hobann uirthi go minic, d'fhéach an páiste isteach 'sa sgilléad agus céard a d'fheicfeadh sí ar a thóin ach carnán ginidheaca buidhe óir. Cheap sí ar an bpoinnte boire go raibh an chailleach ag iarraidh an t-ór ar an sgilléad agus chuir sí meall ime i n'ionaid, rud a thugas le tuigsint na h raibh sí chomh simplí agus do shíl an cailleach í bheith.
    Seal ina dhiaidh sin dhúisigh an chailleach, d'fhéach sí anns an sgilléad agus nuair do chonnaic sí an cubhar buidhe do bhí ar an im
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Thuathail
    Gender
    Female
    Address
    Clifden, Co. Galway