School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar

Filter stories

Back
/ 538 Forward
Resolution: Low | High
Scéalta

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fuair sean-bhean marcaidheacht i ngluaisteán agus bhí eagla an domhain uirthi. Chuireadh an tiománuidhe a lámh amach tríd an bhfuinneoig go minic chun fógra éigin do thabhairt do ghluaisteáin eile taobh thiar de. Mhéadaigh sin ar eagla an sean-mhná. Fé dheire bhris ar an bhfoidhne aici. "A dhuine chóir", ar sise leis an tiománuidhe "tabhir aire don ghluaisteán agus inneosfad-sa duit má thosnuigheann sé ag báistigh.

Bhí an gárda ag breacadh síos nótaí tar éis do capall marbh d'fhagháilt i lár Sr. Nassau ach níor fhéad sé "Nassau" do litriú. Ar deire ghlaoidh sé ar an sáirsint. "Hy, a sháirsint," ar seisean, "cabhraigh liom an t-ainmhidhe seo do tharraingt isteach i Sr. an Dáma."
Carmel Ní Fhearghail,
An Clochán,
Co. na Gaillimhe.

Collector
Carmel Ní Fhearghail
Gender
female
Address
Clifden, Co. Galway
Language
Irish