School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 396
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pisreoga
    1. Ma chasann bean ruadh ar duine ar maidin ní bheidh aon rath air i rith an lae.
    2. Má casann cat dubh ar duine beidh rath air.
    3. Má chionn duine cnag beidh droch rath air.
    4. Droch comhartha seadh é luach maith do diultadh.
    5. Má thagann duine isteac fhad is atá maistreadh da déanamh i dteac is ceart dó buile do bhualadh muna ndéantar sin ní bheidh aon im as an mbainne.
    6. Má thagann spideog isteach sa teach beidh duine ag imreacht ó'n dteallach.
    7. Droch comhartha seadh é gréithre do briseadh.
    8. Má bristear sgathán ni (raibh) bheidh rath orra go ceann seacht blian.
    9. Comhartha go mbeidh duine ag troid seadh é má leigeann sé salann do tuitim ar an mbord ar maidin.
    10. Má thuiteann pictúir comhartha seadh é go bhfuighidh duine bás sa teach gan moill.
    11. Ní ceart moladh do thabhairt do pháiste nó aon chainnt a dhéanamh faoi gan bail ó Dhia air a rádh.
    12. Má thosuigeann an coileach ag glaodhach ag uair an mheadhon oidhche comhara sé é go bfuighidh duine bás.
    13. Má bhíos madadh ag caoineadh comhartha go mbeidh duine ag fághail bháis go luath.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish