School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 390

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 390

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 390
  3. XML “Féichín Naofa”
  4. XML “Naomh Flannán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    paidreach. Fuair an cailín biseach agus gheall sí dho Naomh Feichín nach rachadh sí ag aon damhsa eile aríst go brách. Siubaileadar abhaile go meidhreach acht nuair a bhí cúpla mí caithte tháinic duil sa damhsadh aris ag an gcailín. Bhris sí an geall a thug sí agus chuaidh sí ag damhsú. Bhuail an pian aris an oidhche chéadna í act níor leigeasadh an darna h-uair í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ba mach do Rí Tuatmhumhan é agus fuair sé a chuidh oideachas ó Naomh Molna. Do mhair sé san seactmhadh aois. D'oibhrigh sé a lán míorbhúilt. Deirtear go raibh sé ag obhair i muillean na mhainistreach go h-an chruaidh tráthnóna áirithe agus cuir Dia solus neamhda cuighe ionnus go mbead sé indon a chuid oibre a dhéanamh. Chuaidh sé ar turas go dtí an Róimh agus rinne an Phápa easbóg de. Táinig sé ar ais go h-Éirinn agus bhí sé ina abb i gCill Dá Lua ar feadh i bhfadh. D'imigh sé go Oileán Árann agus cait sé seal gearr ann. Cuir sé teampuill ar bun freisin inaice an Clocháin agus tughthar (Lo Áras) Iorrus Fhlannán ar an áit ó' san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish