School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 389

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 389

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 389
  3. XML “Féichín Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    daoine i gConamara agus Feichín mar ainm ortha in onóir don naomh.
    Sé Feichín Naomhtha pátrún an Paráiste seo againn-ne, Iomaigh agus Baile an Dúin. Nuair a tháinig Feichín go hOileán Iomaigh ní raibh aon fháilte ag págánaigh na h-áite roimhe. Nochtuigh siad an fuath abhí acu dó in ilslighthe. Ba mhinic a chaitheadar na h-uirlisí agus gach a bhain leis isteach san bhfairrge agus tré mhíorbhuilt bhéadh siad ar ais arís an lá in a dhiadh sin. Rinneadh amhlaidh go mion mhinic fhaid is a bhí an naomh agus na manaigh ag tógáil na mainistreach. Fiú amháin ní raibh muinntir na h-áite sásta beadh a thábhairt do na manaigh agus fuair beirt acu bás le gorta acht tré ghuidhe Feichín d'éirigheadar beo arís. D'fhág an míorbhuilt a rian ar mhuinntir na tíre fré chéile. Diertear gur chuir Guaire, mac le Colmán Rí Chonnacht biadh agus cothughadh dóibh. Uaidh sin amach bhí muinntir an oileáin go fial flaitheamhail leis agus ghlacadar go fonnmhar leis an gCriostaidheacht mar ba é seo láthair deireamhnach na págántachta. Tá foithracha cille Naoimh Feichín le feiceál go foill ach is fior beagán díobh atá ann. Bhí mainistear ag Naomh Feichín ar Árd Oileán freisin. Tá an t-oileán seo acar gearr taobh thiar d'Oileán Iomaigh. Inis Iarthar abhí mar ainm ar an oileán le linn Feichín Naomhtha.
    Ag seo sgéal a chuala mé faoi Naomh Feichín. Bhí cailín sa gCladach Dubh fad ó agus bíodh sí ag dul ag damhsaí go h-án mhinic ar fad. Oidhche amháin bhuail pian in a cois í agus bhí sí go dona léithe. Geall a máthair annsin go rachaidís go Tobar Feichín le turas a tabhairt ann. Chuaidh, agug b'éigean dón mháthaira a bheith ag tabhairt lámh coganta do'n inghín mar nach raibh sí indon siubhal ag an bpéin. Tugadar an turas ag an Tobar Beannuighthe in Iomaidh in onóir do Naomh Feichín agus dubhradar go leor
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish