School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 388

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 388

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 388
  3. XML “Féichín Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Feichín Naomhtha
    Rugadh Feichín Naomhtha i mBile i gCo Shligigh timcheall na bliadna 590 A.D. Rinne sé stuidéar fé Naiti Naomtha ar dtús. Rinneadh sagart de agus chaith sé tamall i gCluain Mic Nóis.
    Fear diada abhí ann. Chaith sé a shaoghal ag guidhe agus ag trosgadh. Bhí cill aige i mBaile Easa Dara i gCo Shligigh. Deirtear go dtáinig Aingeal chuige agus go ndubhairt sé leis dul go Conamara agus an Creideamh do craob sgaoileadh annsin. Sé Apstal Conamara é agus patrun an pharáiste seo.
    Rinne sé míorbhúiltí móra i rith a shaoghail. Feichín a chuir an chéad cill ar bun i gConga. Bhí mainistear clúidte aige i bhFabhar i gCo na h-iar-Mhidhe. Bhí suas le trí chéad manach aige annsin. Uair amháin thug Feichín fá deara a cruaide is do bhí sé ar luct an mheilte a ndóthain plúir do mheilt gach lá leis na lámh-bróinte. D'orduigh sé do na saoir muileann a dhéanamh. Rinneadar amlaidh acht nuair a bhí an muileann déanta ní raibh aon uisge thart leis na bróinte a chasadh. Ghuidh Feichín go dubhrachtach agus chuaidh go loc a bhí tamall fada uaidh agus chaith sé isteac a bhacall. Shnámh an bhachall lei go dtáinig sí go dtí an cnoc. Ghluais sí tríd an gcnoc go ndearna sí poll mór ann. Tháinig an t-uisge aníos agus rinne sé a mbealach ar an muileann agus chas sé na bróinte ar an bpuinnte.
    Uair éigin eile bhí uasal óg cráidthe le tinneas cinn. Bhain sé triall as gac léigheas acht bhí sé fánach aige. I ndeire na dála chuaidh sé chuigh (?) Feichín Naomhtha. Bheannuigh an Naomh é agus as sin amach bhí sé slán follán.
    Fuair Naomh Feichín bás timcheall na bliadna 664. Tá a lán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish