Pota Óir Fada ó shoin bhí fear ann darbh aimn Seán Ó Máille. Phós sé sean bhean saibhir abhí an phostamhail acht ní raibh sí i ndon aon obair a dhéanamh agus bhío? sí i gcomhnaidhe i bponnc. Ingean R? do beadh an cailín seo agus níor sí morá? oibre mar sin. Bhí go maith is ní raibh go holc. Lá amháin thuit an beirt acu amach. Rith Seán leis acht d fan an bhean sa mbaile D'imigh sé leis go dtáinig sé go dtí teach. Thug bean an tighe dhá bhullá? agus dhá bhuidéal fíona agus do ghabh sé buidheacas léi, agus d imigh leis. Nuair ab? sé tamall ag imth?eacht chonnaic sé deac? uaidh i ngleann áluinn Chuaidh sé go dtí an teac. Buail sé ar an doras. D fhoscail bean deas an doras agus d fhiafruigh sí de céard a bhí uaidh. Déirce, déirce, ars Seán agus brón mór air. Céard a thug amach annseo thú. Táim ag imtheacht rómam acht mórán níli? ag fagháil. Cé bhí sa teach acht mátha? na mná do bhí pósta ag Seán. Cén tainm atá ort ar sise?
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »